Hi Welcome You can highlight texts in any article and it becomes audio news that you can hear
  • Thu. Apr 24th, 2025

Tús curtha leis an bhFéile Gaeilge is mó ar domhan

ByRomeo Minalane

Mar 6, 2023
Tús curtha leis an bhFéile Gaeilge is mó ar domhan

Nuashonraithe/ Dé Céadaoin, 1 Márta 2023 15:29 Is í Seachtain na Gaeilge le Energia an fhéile Ghaeilge is mó ar domhan. Seoladh an fhéile sa phobal ar an Satharn i dTiobraid Árann, áit ar tháinig daoine le chéile do chraic, ceol agus siamsaíocht as Gaeilge. Reáchtálfar Seachtain na Gaeilge le Energia ó 1-17 Márta agus iarrtar ar an bpobal páirt a ghlacadh san fhéile trí fhreastal ar imeachtaí Gaeilge agus an teanga a úsáid, a chleachtadh agus a fhoghlaim le chéile. Is iad an láithreoir teilifíse Maura Derrane, an scríbhneoir Manchán Magan agus an cruthaitheoir Éadaoin Fitzmaurice atá mar ambasadóirí na bliana seo do #SnaG 23. I measc na n-imeachtaí is mó a bheidh mar chuid den fhéile i mbliana, beidh Spraoi Cois Lao i mBéal Feirste ar an Satharn seo, 4 Márta; Lá na Teicneolaíochta leis na céadta daltaí scoile ar 9 Márta & Lá na gCiorcal Comhrá ar 15 Márta. Dúirt Conchubhair Mac Lochlainn, Cathaoirleach Sheachtain na Gaeilge le Energia: “Bhíomar an-sásta Seachtain na Gaeilge le Energia a sheoladh leis an bpobal san Aonach. Táimid an-bhuíoch do mhuintir an Aonaigh agus Craobh an Aonaigh de Chonradh na Gaeilge as ucht cuidiú linn an fhéile Ghaeilge is mó ar domhan a sheoladh. Is iad na grúpaí pobail atá mar chroílár na féile agus ní bheadh ann put on fhéile gan an obair iontach a chuireann siad isteach ó cheann ceann na bliana.” Ag labhairt faoin bhféile, dúirt Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge le Energia, Orlaith Nic Ghearailt: “Tá go leor deiseanna ag an bpobal páirt a ghlacadh i Seachtain na Gaeilge le Energia i mbliana. Dóibh siúd gur mhaith leo imeachtaí a eagrú, tá eolas ann dóibh ar snag.ie. Do dhaoine gur fearr leo freastal ar imeachtaí, tá breis eolais futhú ar fáil ar PEIG.ie/ SnaG23. Molaim do gach éinne triail a bhaint as a gcuid Gaeilge le linn na féile agus na féidearthachtaí ar trend d’úsáid na teanga a aimsiú agus na deiseanna a thapú.” Reáchtálfar féile bhliantúil Sheachtain na Gaeilge le Energia ó 1-17 Márta, le himeachtaí Gaeilge ar siúl ar fud na hÉireann agus timpeall na cruinne. Is féidir teacht ar imeachtaí na féile agus imeachtaí a chlárú ag PEIG.ie. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar shuíomh na féile ag snag.ie. More stories on

Learn more

Click to listen highlighted text!